Stair / History
TEACH PHEIGÍ EOGHAIN / EVICTION SITE 1887
Ghlac Ned Pheigi Eoghain ó Baoill an pictiúr seo sa bhliain 1928. Tá stair faoi leith ag baint leis an teach seo mar go mba ag teach Pheigí Eoghain a cuireadh deireadh leis na díshealbhaithe i bparoiste Ghaoth Dobhair sa bhliain 1887. Ar an drochuair níl an teach ann inniu. Is é seo an pictiúr is mo a bhfuil dúil agam fhéin ann. Shíl mé nach raibh a leithid da phictiúr le fáil ach i ndiaidh cuid mhór cuardach agus fiosruchán fuair mé amach go raibh siad le fáil thall i nAlban ag clann Ned Pheigí Eoghain, Nora agus Máire. Taobh amuigh de na daoine seo déarfainn nach bhfuil pictiúr den teach seo ag éinne beo. Gan dabht tá buíochas mór tuillte do Ned Pheigí Eoghain a ghlac an pictiúr luachmhar seo agus da chlann a thug aire mhaith do thar na blianta.One of the most formidable resistances of the whole eviction campaign was staged at the house of the widow Peggy Boyle of Upper Dore. The year was 1887, the month was October. Ultimately this was the last house in the parish of Gweedore where evictions were carried out. Unfortunately the house is no longer standing but the development committee plan to erect a monument there to commemorate this historic event. This important site and the History attached to it holds great potential for development as a tourist attraction in the area.
TOBAR NA SPAINNEACH (THE SPANISH WELL)
Is beag duine de mhuintir na h-áite seo nar chuala iomrá ar Thobar na Spáinneach suite ar chuid Fheargail Bhig Ui Bhaoill i nDobhar Láir tá sceal faoi leith ag baint leis an tobar seo. De réir bhealoideas an bhaile fuair an tobar seo a ainm ón chogadh a bhí idir na Spáinnaigh agus na Sasanaigh.Sa bhliain 1588 a thug an Armáid na Spáine a naghaidh ar Shasain. 150 long ar fad. Théip orthu nuair a tháinig stoirm a shéid cabhlach na mbádaí soir agus siar. Deirtear go h-áitiúil go dtáinig cuid dena Spáinnaigh anios an Ghaoth agus dtáinig siad i dtir i nDobhar. Seo an t-am a rinne na Spáinnaigh an tobar a fhorbairt agus nior tugadh ainm ar bith eile ar an tobar go dtí an lá atá ann inniú, ach tobar na Spáinneach.
This well is situated in Middle Dore and enhanced by local folklore is another feature of interest to tourists. According to local folklore this well was discovered by Spanish soldiers shipwrecked in 1588. Their ship was one of 150 ships belonging to the Spanish Armada. After a great storm the ships were swept off course, as a result of this, some of the soldiers managed to come ashore at Dore and it is believed that they developed the well at this time.
CARRAIG AN AIFRINN ( DORE MASS ROCK )
Thall ar an Dún Mhór tá Carraig An Aifrinn. De reir an bhealoideasa bhaintí úsáid as an charraig mar áit cruinnithe do na daoine bochta a bhí faoi smacht ag na Sasanaigh le seans a thabhairt daofa a gcreideamh a chleachtadh agus a choinneáil beo. Deirtear go gcuirti éadach geal ar an chloch mar chomhartha don phobal go raibh aifreann le léamh.This rock is situated at Dunmore -it is of great local importance to the community as it is a reminder of the hardship endured by our ancestors during the penal day's. Many masses were performed at this rock and it would be of great value to tourists to visit this rock and hear some of our local History.
CLOCH NA CUAICHE ( THE CUCKOO STONE )
Thios ar chuid Nora Rua Ni Bhaoill tá Cloch na Cuaiche. Deirtear gur tugadh an t-ainm seo uirthi mar go mba ar an chloch seo a chluinti an Cuach ag seinm den chéad uair achan bhliain.Of all the attractions in Dore this must be one of the oldest as it is marked out on all map's even the oldest. It is situated in Middle Dore. It is said that this stone got it's name, as this was the first place one would encounter the cuckoo every year.
CLOCH AN AMHARC
Ar chuid Khit Róise Ni Dhonaill tá cloch mhór a dtugtar cloch an amhairc uirthi (nó Cloghanavrik mar ata scriofa ins an seanléarscail aitiuil). Deirtear go bhfeiceadh na daoine a bhí ina seasamh ar an chloch seo na saighdiuirí ag teacht píosa fada ar shuil in am na bpéindlithe nuair a bhiodh na Sasanaigh ag tarraingt ar na daoine bochta nach mbeadh abalta a gcuid ciosa a dhíol le iad a chuir amach as a gcuid tithe.AN ALTÓIR / THE ALTAR
Thíos ar chuid Mhanais Óig Uí Bhaoill tá an Altóir. Tá se suite sa lag agus, de réir bhunadh na h-aite, léigheadh aifrinn anseo corr Dhomhnach nuair a bhi an seans acu. Tá an Altóir seo mar pairt iontach tabhachtach do stair an bhaile.The so called Altar is situated at Middle Dore. Another monument to the local history of the village. Masses were read here also when the country was under British rule. This is indeed an interesting and scenic spot to visit.






