A Soilse Máire Mhic Ghiolla Íosa

A Soilse Máire Mhic Ghiolla Íosa

A Soilse Máire Mhic Ghiolla Íosa
Banna Ceoil Ghaoth Dobhair
Scoil Phádraig Dobhar
Máire Uí Bhraonain & Pól Ó Braonáin
Oscailt Oifigiúil / Official Opening
Plaque commemorating the Official Opening

Oscailt Oifigiúil / Official Opening

I mí an Mhárta 2006, d'oscail an tUachtarán, A Soilse Máire Mhic Ghiolla Íosa Ionad Naomh Pádraig i nDobhar, go hoifigiúil. Freastalaíonn an tIonad úr seo ar dhaoine de gach aois ghrúpa sa phobal, agus i measc na h-imeachtaí a bhíonn ar siúl ann, tá club óige, ranganna ióga, ranganna drámaíochta, damhsa Gaelach, ranganna Gaeilge agus Fraincise, tá cúirt cispheile ann chomh maith le áiseanna chun peil a imirt laistigh. Bíonn imeachtaí d'aostaigh, do thuismitheoirí agus don aos óg a reachtáil go forleathan ins an Ionad. Tá ionad fiontraíochta, lárionad ríomhairí agus seomra cruinnithe san fhoirgneamh fósta.

Ag caint dí ag an oscailt oifigiúil dúirt an tUachtarán,
"Tréaslaím an tIonad úr seo agus na hachmhainní ar fad le pobal Dhobhair. Déanaim comhghairdeas libh as a bhfuil bainte amach agaibh le cúpla bliain anuas, agus guím gach rath oraibh féin
agus ar bhur gcuid oibre sna blianta atá romhainn amach.
Fógraím anois Ionad Fiontair agus Achmhainní Dhobhair ar oscailt."


Ag gabhail buíochas leis an tUachtarán as an oscailt oifigiúil a dhéanamh agus ag labhairt dí tharr ceann coiste bainistíochta an Ionaid agus pobal na háite, dúirt Bainisteoir an Ionaid, Máire Uí Chomhaill;

"...Caithfear buíochas ar leith a ghabháil lena Soilse, Máire Mhic Ghiolla Íosa. A Uachtaráin uasail, tá muid uilig anseo iontach brodúil as a Ionad breá úr seo againn, agus taobh le sin, tá lúchair as cuimse orainn go raibh sé ar do chumas téacht go Dobhar anseo inniú agus an oscailt oifigiúil a dhéanamh dúinn. Is fíor a rá go bhfuil ár mbuíochas tuillte go mór agat a Uachtaráin da bharr agus tá lúchair agus bród ormsa an buíochas sin a thairiscint duit. Mar sin do, beir uainn ár mbuíochas ó chroí agus ár mbeannacht agus guíonn muid uilig anseo i nDobhar, achan ráth agus bláth ort féin agus d'fhear céile, agus ar do chuid oibre anois agus I dtólamh."