Naomh Pádraig

Naomh Pádraig

Dóchas Linn Naomh Pádraig, Aspal Mór na hÉireann


Paidir do Ghaeilgoirí.
A Thairna, labhair tú leis na ciníocha ina dteangacha dílse féin Domhnach Cincíse. Labhair tú fós le muintir na hÉireann ina dteagna féin trí Phádraig, Bhríd, cholm Cille agus naoimh uile ár dtíre.

Soilsigh ár n-aigne chun urraim a thabhairt don oidhreacht uasal a tháinig chugainn tríd an teanga sin, agus neartaigh ár dtoil chun í a shlánú agus a láidriú chun go ghlóire féin agus onóir na hÉireann trí Chríost ár dTiarna. Amen.

Lúireach Phádraig.
Críost liom, Críost ionam,
Críost romham, Críost i mo dhiaidh.
Críost faoim, Críost os mo chionn,
Críost ar mo láimh dheis, Críost ar mo láimh chlé,
Críost ar mo shuí, Críost ar mo luí,Críost ar m'éirí,

Críost i gcroí achan duine a smaointíos orm,
Críost i mbéal achan duine a labhras liom,
Críost i ngach súil a dhearcas orm,
Críost i ngach cluas a éisteas liom.

Dóchas Linn Naomh Pádraig.
Dóchas linn Naomh Pádraig, aspal mór na hÉireann;
Ainm oirirc gléigeal, solas mór an tsaoil é;
'Sé do chloígh na draoithe, croíthe dúra gan aon mhaith
D'ísligh dream an díomais trí neart Dé ár dTréan-Fhlaith.

Sléibhte, gleannta, máighe 's bailte móra na hÉireann,
Ghlan sé iad go deo dúinn, míle glóir dár Naomh dhíl;
Iarrmid ort, a Phádraig, guidh orainne Gaela,
Dia linn lá 'gus oíche 's Pádraig Aspal Éireann.

A Phádraig ár nAspal.
A Phádraig ár nAspal, ár bpatrún, ár mian
tá páistí na hÉireann a d’agairt go dian.
Ó d’árus ‘sna Flaithis, fá aoibhneas go brách,
Ar ghleantain na hÉireann, dearc anuas i do ghrá,
Ar ghleantain na hÉireann, dearc anuas i do ghrá.

A Phádraig ár ndóchas, ba láidir do ghlór;
n’aghaidh Satan ‘sa chólucht in Éirinn fadó,
ós láidir inniu tú i bhflaitheas Mhic Dé;
ó cuimhnigh go síoraí ar pháistí na nGael.
ó cuimhnigh go síoraí ar pháistí na nGael.

In Éirinn Chaoin.
A Phádraig Naofa ‘s Aspail chaoin,
Do mholadh go síor ‘sé mian mo chroí,
‘S tú scaib an scéal fá Chríost an Rí,
Fá ghleanntáin sléibh ‘s fá thalamh mhín,
In Éirinn chaoin, in Éirinn chaoin.

Ar mhalaí shliabh Mis a chaith tú’n oích’
A mheabhrú’ ann ar pháis an Rí,
‘S le bánú ‘n lae, b’é mian do chroí,
An phágantacht go deo a chlaoí,
In Éirinn chaoin, in Éirinn chaoin.

Go bruach Loch Cuan, go dtáinig tú arís,
Go dian a scabadh Soiscéal Chríost,
‘S ar mhullach na Sláine, i lár na h-oích’
Las tú ‘n solus nach múchtar choích’
In Éirinn chaoin, in Éirinn chaoin.

Comhartha na Croise.
In ainm an Athar,
Agus an Mhic,
Agus an Spioraid Naoimh. Amen.

Urnaí na Maidine.
A Dhia, tá grá agat dom.
Bíonn tú liom de lá is d'oíche.
Ba mhaith liom grá a thabhairt duit
achan bomaite den lá.
Ba mhaith liom tú a shásamh.
A Athair, cuidigh liom. Amen.

Urnaí na hOíche.
A Dhia, a Athair, molaim thú
As ucht do chineáltais liom inniu.
As ucht mo chairde molaim thú,
Agus as an teaghlach a thug tú dom.
I ndorchadas na hoíche cosain mé
Solas na maidine go bhfeice mé.
Amen.


An Fhaoistin Choitean.
Admhaim do Dhia uilechumhachtach
Agus daoibhse, a bhráithre,
Gur pheacaigh mé go trom
Le smaoineamh agus le briathar,
Le gníomh agus le faillaí,
Trí mo choir féin, trí mo choir féin,
Trí mo mhórchoir féin.
Ar an ábhar sin,
Impím ar Naomh Mhuire síor-Ógh,
Ar na haingil agus ar na naoimh,
Agus oraibhse, a bhráithre,
Guí ar mo shon chun an Tiarna Dia.

Ag gábhail isteach go Toigh an Phobail.
Beannaigh pobal Dé agus beannaím féin dó
Mar shúil isteach go mbeannóchadh
An dá aspal déag domh
Agus umhlaím ar mo ghlúin deas don Ard–Rí.
Ar an ghlúin eile claoaim in mo chroí
Mar shúil is go sábhálfadh Dia m’anam ar
Leac na bpian.
Go sábhálaidh sé m’anam féin agus
a dtáinig romham
agus I mo dhiaidh ariamh.
Aiméan.

Dán na Marbh.
Tá an Mhaighdean Bheannaithe, tá sí ag ceann do leapa, thug sí aingle Dé as na Flaithis léithe, tá saidsan ag gárdáil d’anama; Tá Íosa Críost é féin, tá sé thíos ag bun do leapa, tá súil agamsa a dhuine bhoicht, nach rabh do bhreithiúnas trom. Tá do chairde is tá do chara cruinnithe thart ar do leabaidh. Tá said ag stánadh go géar ar do cholainn atá fágtha. Tá said uilig faoi bhrón tá said uilig faoi bhuaireamh chan fhuil fhios agatsa a dhuine bhoicht, go bhfuil siadsan ann. Ach tá fhios agat, an Mhaighdean Bheannaithe, go bhfuil sí ag ceann do leapa, go dtug sí aingle Dé as na flaithis léithe ‘s go bhfuil siadsan ag gárdáil d’anama. Tá a fhios agat go bhfuil Íosa Críost é féin thios ag bun do leapa, tá súil again anois mar sin nach rabh do bhreithuínas trom. Arú slán go bráth agus slán go deo leat, ar an tsaol seo a choíche arís ní shiúlfaidh tú ‘s ní labhairfidh tú níos mó linn, tá do chúrsa reaite anois ar an tsaol seo, tá súil’s againn uilig go bhfuil d’anamsa go hard.

An Irish Blessing.
May St.Patrick guard you wherever you go
and guide you in whatever you do
and may his loving protection
be a blessing to you always