Céim 2 / Phase 2
"Fís gan ghníomh, níl ann ach brionglóid,
Gníomh gan fhís, am amú.
Fís le gníomh thig athrú Domhanda."
Urraíocht ar Bhríce / Sponsor a Brick.Tá obair idir lámh againn i láthair na huaire le síneadh breise, de neaschostas €800.000 a chur leis an Ionad ins na míonna atá amach romhainn. Táthar ag dréim go gcuirfidh tús leis an obair seo gan mhoill agus go mbeidh rudaí criochnaí faoi 2009.
Is é an príomhfhócas atá againn ins na hiarrachtaí seo nó leanúint ar aghaidh ag feabhsú agus ag saibhriú an eispéiris a bhíonn ag daoine ins an Ionad, tré tógáil ar an chlú maith atá againn i dtaobh na sármhaitheasa agus tógáil go duthrachtacha ar an bhonn daingean atá leagtha síos againn i gcéim a haon. Is mian linn i dtólamh a bheith áblata cursaí / imeachtaí agus seirbhisí níos leithne a sheacadh do phobal na háite agus díofa sin níos fuaid ó bhaile, chan amháin le deiseanna oideachasúil a thabhairt ach fósta chun oidhreacht luachmhara na gaeltacht a chothabháil agus a chur chun cinn.
1.Caife Óige
Chun cur leis ná haiseanna agus na seirbhisí fiúntacha atá Ionad Naomh Pádraig a sholáthar do aos óg na gaeltachta i láthair na huaire, ‘sén fís láithreach atá againn anois nó, Caife Óige a fhorbairt agus a bhunadh i gcroí lár na paróiste. Caife óige ina mbeidh deis tábhachtach ag aos óg an cheantair teacht le chéile agus gabhail i nglice le gnéithe áirithe de chultúr na n-óg sa lá atá inniú ann.
Seo tionscnamh pobalbhunaithe don óige atá beartaithe againn agus ‘sén fealsúnacht atá mar bhunchloch air nó go mbeadh suíomh foirsteanach cúrtha ar fáil, ina mbeadh Caife Óige lonnaithe ann do aos óg uilig an phobail. Dar linn anseo in, Ionad Naomh Pádraig nó go bhfuil gearghá lena leithid de, roghanna níos leithne caithimh aimsire do óige an cheantair a chur ar fáil agus go mbeidh ráchairt mhór ar a leithid de ais, mar atá, Caife óige nuair a bheas sé ar fáil agus fá lán sheoil againn inár bpobal.
Caife ina mbeidh deis ag an aos óg, buaileadh suas le chéile i dtimpeallacht atá fáiltiúil, sábháilte, sláintiúil, ar shiúil ón na bóithre dainséaracha agus áiteanna contrúiteacha eile, le craic agus cuideachta a chothú idir iad féin agus níos tábhachtaí, le páirt a ghlacadh i réimhse leathan gníomhaíochtaí foghlamatha eile.
Tá muid ag dúil go mbeidh fáil furast acu fosta ins an Chaife óige seo ar neart eolais riachtanach agus seirbhisí tacaíochta chun cuidiú leo, i cibé deacrachtaí a bhíonn acú i saol s’acú. Eolas fá chursaí sláinte, staidear, oideachais, caitheamh aimsire, oibre, cultúrtha agus a leithid.
Beidh rutaí an Chaife Óige seo ag ‘ul i bhfad níos doimhne na go direach cúpa caife a chur ar fáil dón aos óg, ina iomláine thig a rá gúr tionscadal comhchaidrimh óige a bheas anseo agus thig meadú níos leithne agus forbairt iomlán a dhéanamh i dtólamh ar a leithid de thionscadal, tré aiseanna agus seirbhisí níos daingníthe dóchta don óige mar aon le comhairleoirí proifisiúnta agus a leithid a chur ar fáil faoin t-aon díon amháin ins an Chaife Óige. Séard a bhéas againn ins an Chaife óige seo nó lárionad dearfach eolais agus caidreamh dón óige.
2.Seomra Ceoil {Lárionad Sealbhaithe & Buanaithe Ceoil}
Tá clú agus cáil faoi leith ar pharóiste Ghaoth Dobhair ó cheann ceann na tíre agus níos fuaide, maidir leis an réimhse leathan ceoil agus ceoltoirí a d’eascair amach as an bhorradh chultúratha a bhí faoin áit. Is cúis lúcháire agus bróid dúinn go bhfuil saothar agus saibhreas leathan ceoil, ar a bhfuil lorg de chlapsholas na staire buailte air, ar fáil dúinn go fóill ónar gcuid ceoltóirí cumasacha. Níl againn ach smaoineamh ar an réimse leathan de amhráin agus de cheoltóirí, cuid acu ar an droch uair nach maireann níos mó, a mhúnlaigh cursaí ceoil fán taobh seo tíre agus tchí muid i ndáiríre ansin, chomh domhain is atá tobar thraidisiúin an cheoil agus amhránaíocht inár bpobal.
Tá suim agus spéis faoi leith léirithe ag bunadh an cheantar seo i gcúrsaí ceoil agus amhránaíochta le fada an lá, nithe atá iontach láidir i stair agus i gcultúr na háite, fiú go dtí an lá atá inniu ann. Ar na mallaibh, léirigh idir óg agus aosta sa cheantar, a tháinig i gceann a chéile lena gcuid turaimí faoin Ionad (Ionad Naomh Pádraig) agus an sort cúrsaí, ranganna gur mhaith leo a bheith curtha ar fáil ann, gur mhaith leo béim faoi leith a bheith curtha ar chúrsaí ceoil agus amhránaíochta.
Ag fás amach as na cruinnithe seo agus an taighde a rinne muid mar choiste áitiúil, is é an fís atá againn anois nó, lárionad feiliúnach, sealbhaithe & buanaithe ceoil a bhunú i gcroí lár na gaeltachta, agus é a bheith lonnaithe againn anseo in Ionad Naomh Pádraig i nDobhar. Mar bhun chloch tógála don lárionad sármhaitheasa ceoil seo, beidh muid ag baint úsáid iomlán as na láidreachtaí cultúrtha agus acmhainní nádúrtha na Gaeltachta, ina measc an teanga agus an ceol.
Ba mhaith linn ar an bhonn sin, seomra breá a chuir ar fáil dírithe go huile agus go hiomlán ar cheird an cheoil.
3.Seomra Oidhreachta,Oideachais & Foghlamtha
Is é atá i gceist againn le seo, nó seomra ar nós leabharlann ina mbeidh réimse leathan leabhair, cáipéisí stairiúla agus ábhar faoi leith ag baint leis an cheantair agus pobal níos leithne na paróiste. Tá muid ag dúil go mbeidh deis ag bunadh na háite agus turasóirí taighde, staidéar agus cíoradh a dhéanamh ar stair, chultúr agus oidhreacht an cheantair.
4.Oifig
Ba mhaith linn go mbeadh breis spáis oifige ar fáil againn san Ionad, le freastal a dhéanamh ar an ráchairt atá lena leithid.
5.Ardaitheoir
Ba mhaith linn mar choiste go mbeadh deis ag achan nduine, chomh maith le daoine míchumasach, úsáid iomlán a bhaint as an fhoirgnimh breá atá againn i láthair na huaire, chomh maith leis an méadú atá beartaithe againn. Ar an bhonn seo tá sé riachtanach go mbeidh ardaitheoir curtha ar fáil san Ionad againn.
6.Stáitse agus Stór
Ba mhaith linn mar choiste cuidiú cúrsaí dramaíóchta a chothú agus a chuir chun cinn sa cheantar. Chun cuidiú linn seo a dhéanamh beidh sé riachtanach go mbeadh stáitse agus trealamh ardáin ard chaighdeánach ar fáil san Ionad againn.
I dtaca leis an stór de, leis an síeadh úr atá beartaithe beidh méadú ag teach ar an líon trealaimh atá againn agus mar sin de tá stór níos mó de dhíth orainn.
7.Turasóireacht
Le méadú suntasach ag teacht ar earnáil na turasóireachta fán taobh seo tíre bliain i ndiaidh na bliana, bá mhaith linn díriú isteach ar seo agus beidh muid ag cur áiseanna cuí ar fáil do lucht turasóireachta, mar atá, caife idirlín chomh maith le seomra oidhreachta, oideachais agus foghlamtha.
Tá sé beartaithe go mbeidh Ionad Naomh Pádraig mar lár Ionad idir siúlóidí an Chlochán Bhig agus Bealach na Gaeltachta, siúlóid ar a mbeidh cosán dealbhóireacht cruthaithe ann agus go mbeidh achan nduine a leagas cos air ábalta sult a bhaint as áilleacht na háite.



